Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Phill sé na bhaile tamall agus ansin chuaigh sé go Gloucester tamall ag obair ar feadh 3 bliana in monarcha níolón. Bhí sé ag obair seacht lá na seachtaine. | 00:03:44 | |
Phill sé na bhaile in 1966 nuair a bhí a athair ag éileamh. Tá sé sa bhaile ó shin. Thosaigh sé ag coinneáil eallach agus rud beag feirmeoireachta. Níl mórán fan bhaile ag déanamh an obair sin anois. Ní raibh am furasta acu. | 00:02:05 | |
D’fhág sé an scoil nuair a bhí sé 14 bliana déag. Rinne sé rud beag táilliúireachta ach ansin d’imigh sé go hAlbain nuair a bhí sé 22 bliain d’aois, bhí sé ag tógáil tithe. Chaith sé ceithre mhí ansin agus tháinig sé na bhaile ar arís. D’imigh sé go Birmingham Shasana ansin i 1956/57 go Ag obair i stáisiún cumhachta a bhí sé, bhí léir Éireannaigh ann lena chois. Ní raibh a lóistín iontach maith agus bhí turas fada go dtí a chuid oibre ar maidin. Tháinig sé na bhaile ansin tamall eile agus ina dhiaidh sin chuaigh sé ar ais go hAlbain. Pósadh sna Gorbals é féin agus a bhean (a fuair bás trí bliana ó shin). Ag obair sna Gorbals (Bridetown) ar fhoirgnimh ilstórach (22 urlár ar airde) a bhí sé agus in Paisley fosta. | 00:05:12 | |